Scoil Chaoimhín

Stair na Scoile
Is é an tAire Oideachais agus Scileanna patrún na scoile seo. Is leis an Roinn Oideachais an foirgneamh breá atá againn agus tá an Stát go hiomlán freagrach as. Tá Gaelscoileanna ar an láthair seo ó 1927, an bhliain a bunaíodh Scoil Cholmcille, Scoil Mhuire agus an Scoil Ullmhúcháin. Ba i 1983 a tháinig na Gaelscoileanna le chéile ar an láthair seo nuair a bunaíodh Scoil Chaoimhín.
The Minister of Education and Skills is the paton of the school. The Department owns this beautiful building. This is the location of one of the first Gaelscoileanna established in the state. The school was set up in 1927, when Scoil Cholmcille, Scoil Mhuire and the Training College were founded. Education through the medium of Irish has been provided in the school ever since. Scoil Chaoimhín was founded in 1983 when the Gaelscoileanna on the site amalgamated.
An Bord Bainistíochta
Tá Gaelscoil Chaoimhín á riaradh ag Bord Bainistíochta a ceapadh faoi Rialacha na Scoileanna Náisiúnta. Beidh an Bord Bainistíochta i bhfeidhm ar feadh tréimhse de cheithre bliana. Tá ochtar ball ar an mBord: beirt atá ainmnithe ag an bPatrún, beirt thuismitheoirí, an Príomhoide, múinteoir eile agus beirt ón phobal.
Éide Scoile |
Dea iompair |
Rialacha na Scoile |