Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta
Is clár oideachais neamhiomaíoch do bhunscoileanna é Bleaist Eolaíochta ESB ina bhfiosraíonn an rang iomlán an eolaíocht a bhaineann le ceist shimplí. Cuirtear an obair ranga i láthair ag an ócáid.
Beidh COGG agus An Foras Pátrúnachta, i gcomhpháirt leis an RDS, ag eagrú ‘Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta’ mar chuid den Bhleaist Eolaíochta arís in 2025.
Beidh sé ar siúl ar an 6ú Márta 2025 san RDS. Is deis iontach í seo do pháistí teacht le chéile agus dea-obair s’acu a cheiliúradh le chéile chomh maith le spraoi a bheith acu trí Ghaeilge!
Ní obair bhreise atá i gceist leis an ócáid seo ach gnáthobair ranga a chur i láthair. Bíonn tacaíocht ar fáil ó fhoireann an RDS i rith an ama agus bronnfar gradam ar gach rang a ghlacann páirt ann.
Beidh ceardlanna agus siamsaíochtaí éagsúla ar siúl ar an lá. Is cinnte go mbainfidh na páistí agus na múinteoirí an-tairbhe as.
The ESB Science Blast is a non-competitive educational program for primary schools where the whole class investigates the science of a simple question. The class work is presented at the event.
COGG and An Foras Pátrúnachta, jointly with the RDS, will be organizing 'Lá Mór na n'Gaelscoileanna / Gaeltachta Schools' as part of the Science Blast again in 2025.
It will take place on 6th March 2025 in the RDS. This is a great opportunity for children to come together and celebrate their good work together as well as have fun through Irish!
This event is not extra work but a presentation of normal class work. Support is available from the RDS staff throughout the time and each class that takes part will be awarded an award.
Various workshops and entertainment will take place on the day. The children and the teachers will definitely benefit from it.